Seachtain Na Gaeilge 2026 🇮🇪

Bhí Seachtain na Gaeilge 2026 á ceiliúradh againn i Scoil Phobail na Dúglaise le déanaí agus bhain na daltaí (agus na múinteoirí!) an-taitneamh as na himeachtaí! 🇮🇪


D’eagraigh Roinn na Gaeilge clár iontach – idir tóraíocht taisce, tráth na gceist agus tae agus plé. Buaicphointe na seachtaine, gan dabht, ná nuair a tháinig daltaí ó bhlianta éagsúla le chéile chun freastal ar an bpreab Gaeltacht i nGaelscoil na Dúglaise. Rinne gach duine iarracht mhór an Ghaeilge a úsáid agus táimid an-bhródúil astu!


Ádh mór ar dhaltaí na séú bliana agus iad ag tosú na scrúduithe béil ar an Domhnach 🍀

Next
Next

Success For DCS In Munster Schools Rowing Blitz